Tá dhá urraitheoirí don duais seo i mbliana – RTÉ Raidió na Gaeltachta agus Raidió Rí-Rá!

Bunaíodh RTÉ Raidió na Gaeltachta le seirbhís iomlán raidió a chur ar fáil do phobal na Gaeltachta agus do lucht labhartha na Gaeilge ar fud na tíre. Tháinig an stáisiún ar an aer den chéad uair ag 3pm, Domhnach Cásca, 2 Aibreán 1972.

Craolann an tseirbhís rogha leathan de chláracha nuachta agus cúrsaí reatha, irischláracha, cláracha ceoil de gach cineál, spórt agus siamsaíocht.

Is cairt-staisiún ceoil é Raidió Rí-Rá a bhíonn ag craoladh go hiomlán trí Ghaeilge! Bíonn an ceol ar fad ó na cairteacha le cloisteáil ar an stáisiún, mar aon leis an bpopnuacht, an nuacht spóirt agus an nuacht scannánaíochta is déanaí! Tá Raidió Rí-Rá le cloisteáil 24/7 anseo ar líne, ar an raidió DAB nó is féidir aip Raidió Rí-Rá a íoslódáil saor in aisce!

There are two sponsors for this prize this year – RTÉ Raidió na Gaeltachta and Raidió Rí-Rá!

RTÉ Raidió na Gaeltachta was established to provide a full radio service to the Gaeltacht community and Irish speakers throughout the country. The station first went on air at 3pm on Easter Sunday, 2 April 1972. The service broadcasts a wide selection of news and current affairs programs, magazine programs, music programs of all kinds, sports and entertainment.

Raidió Rí-Rá is a music chart station that broadcasts entirely in Irish! All the music on the charts can be heard, as well as entertainment news, sports news and the latest film news! Raidió Rí-Rácan be heard 24/7 here online, on DAB radio or you can download the free Raidió Rí-Rá app!

Treoirlínte d’Iarratais/ Submission Guidelines:

Bronntar an duais ar an léiriúchán raidió is fearr trí Ghaeilge. D’fhéadfadh craoltaí nuachta, díospóireachtaí painéil, agallaimh, seó ceoil, agus seónna nuachta agus cúrsaí reatha eile a bheith san áireamh anseo.

Is féidir é a tháirgeadh le craoladh ar raidió mac léinn, áitiúil nó náisiúnta ach níor chóir go mbeadh sé le haghaidh obair íoctha nó le cúnamh gairmiúil.

Cuir isteach eipeasóid amháin, nó montáiste eipeasóid (1 uair an chloig ar a mhéad), a craoladh ó mhí Feabhra 2023.

Awarded to the best radio production through Irish; this can include news broadcasts, panel discussions, interviews, music shows, and other news and current affairs-related shows.

Can be produced for broadcast on student, local or national radio but must not be for paid work or professionally assisted.

Submit one episode, or montage of episodes (maximum 1 hour), broadcast since February 2023 as a link via the application form.

Glactar le hiarratais ar an 26ú Feabhra 2024 agus dúntar iad ar an 7ú Márta 2024.

Submissions open 26th February 2024 and close 7th March 2024.

Comments

comments