Tá cuardach talainne seolta ag Raidió Rí-Rá agus Creative Ireland le Glór Ár Linne a aimsiú. Is scéim é seo faoi stiúir Raidió Rí-Rá i gcomhpháirt le hÉire Ildánach agus Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath, agus é mar aidhm againn glúin nua ceoltóirí Gaeilge a mhúnlú le cúrsa meantóireacht, len iad a fháil faoi réir le casadh ar ardáin náisiúnta agus idirnáisiúnta faoi shamhradh 2025. 

Mar chuid den scéim, cuirfear sé mhí de cheardlanna ar fáil le saineolaithe earnáil an cheoil maidir le scríbhneoireacht, taifead, taibhléiriú, agus cúrsaí margaíochta –  chomh maith le deiseanna comhoibre agus rochtain ar stiúideo agus mol cruthaitheach ar feadh na tréimhse. Agus an oiread sin ceoltóirí agus bannaí óga ag teacht chun cinn faoi láthair is iontach an t-am é chun a gcuid talann a thaispeáint.

Tabharfar an deis ansin do bhannaí agus ceoltóirí a gcuid ceoil a léiriú os comhair sluaite ag féilte agus ceolchoirmeacha in Éirinn agus thar sáile, Féile na Gealaí agus Electric Picnic san áireamh, ag súil go dtógfaí ar an mborradh atá faoi cheol agus cultúr Gaelach le tamall anuas a bhuí le leithéidí Kneecap, Róis, agus Huartan.

Is féidir tuilleadh eolais a fháil agus cuir isteach ar an scéim seo ar shuíomh ghréasáin Raidió Rí-Rá ag www.rrr.ie/glor 

Are you the Voice of Our Generation?

Raidió Rí-Rá and Creative Ireland have launched a talent search to find Glór Ár Linne. This is a scheme led by Raidió Rí-Rá in partnership with Creative Ireland and Dublin City Council, with the aim of shaping a new generation of Irish language musicians with mentoring and access to creative spaces, to get them ready to perform on national and international stages by the summer of 2025.

Glór Ár Linne (‘Voice of Our Generation’) aims at encouraging a new generation of Irish language musicians through three months of workshops with industry professionals – in areas of songwriting, recording, live production, promotion and marketing – as well as providing a collaborative creative hub for all musicians involved. Bands and musicians will then be given the opportunity to showcase their music in front of live audiences at festivals around the country, including Féile na Gealaí and Electric Picnic, with the hopes of building on the momentum Irish language music and culture has gained in the past few years thanks to the likes of Kneecap, RÓIS, and Huartan most recently.

All information, as well as application forms, can be found on our website at www.rrr.ie/glor 

Comments

comments