Le Caitríona Ní Chonaill

Agus SMEDIAS 2024 ag obair le BLOC TG4 mar uarraitheoir i mbliana, chuireamar agallamh ar Intern BLOC TG4, Saoirse Nic Aogáin chun foghlaim faoin bhfo-bhranda agus cad a chuireann siad ar fáil don dhuine óg.

 Cad is BLOC TG4 ann? 

Is fo-bhranda de chuid TG4 é BLOCTG4. Tá sé bunaithe ar na meáin shóisialta ar líne agus cruthaítear ábhar spraíúil, réchúiseach ar an ardán a fhreastalaíonn ar dhaoine óga agus a mheallann iad chun na teanga. Bíonn BLOC ag plé le go leor cruthaitheoirí éagsúla chun deis a thabhairt do dhaoine óga ábhar a chruthú as Gaeilge agus chun ardán a thabhairt dóibh ábhar a thaitníonn leo a chruthú.

TG4's BLOC to Sponsor the Bi-Lingual Short-Form Video of the Year at the  Smedias 2022 - Oxygen.ie

Cén aoisghrúpa a bhfuil sibh ag díriú orthu?

Díríonn sé ar an aoisghrúpa 18-30,  agus is í an aidhm atá leis ná chun ardán a thabhairt do dhaoine óga.

Cad a dhéanann tú i do phost mar Intern BLOC TG4?

Tá go leor á dhéanamh agam i mo phost I TG4. Comhordaitheoir  Meán Sóisialta an t-ainm atá ar an bpost, agus tá go leor rudaí éagsúla bainteach leis an bpost sin. Idir ábhar a sceidealú agus a chur suas ar na hardáin ar fad, ábhar a chruthú agus a eagarthóireacht, tograí éagsúla a stiúradh agus a bhainistiú, agus freastal ar ócáidí chun iad a chlúdach, bíonn muid gnóthach go maith!

An mholfá cur isteach ar scéim intéirneachta TG4?

Mholfainn go mór cur isteach ar an scéim intéirneachta le TG4. Tugtar deiseanna iontacha nach bhfaightear I bpoist eile. Bíonn deis agat dioplóma a dhéanamh le UCD, freastalaíonn tú ar ócáidí spraíúla, agus buaileann tú le daoine iontacha chomh maith. Tugann TG4 fíor-aire dá gcuid fostaithe agus ní aon eisceacht iad na hintéirnigh.

An bhfuil aon sraith nua ag teacht ó BLOC TG4 go luath (msh: An Oifig, An Lá Seo, Ceol AI srl)?

Tá cúpla sraith spraíúla ag teacht chuig BLOC TG4, tá sraith ceol agus sraith nuachta ag teacht agus eisíodh sraith cócaireacht craiceáilte le deireanaí agus tá go leor eile le teacht! Déan cinnte go bhfuil sibh dár leanúint ar Instagram, Tiktok, Twitter agus Youtube!

Comments

comments