Tá BLOC TG4 sa tóir ar an ngearrfhíseán is cruthaithí, is nuálaí, is siamsúla agus is úrnua ó mhic léinn sa chatagóir nua Gearrfhíseán dátheangach Smedia seo. Ní mór do na físeáin shóisialta a bheith idir 1.00 & 5.00 nóiméad ar fad len iad a chur ar aghaidh don chomórtas. Ní mór do na físeáin a chuirtear ar aghaidh ar BLOC a bheith i nGaeilge go príomha le go mbeidh siad feiliúnach do na príomhardáin atá againn – IGTV, Youtube agus Tik Tok. Bí cruthaitheach, misniúil agus bain sult as.

An DUAIS

Ní hamháin go mbronnfar duais airgid €500.00 euro ar an bhfíseán is fearr ach beidh deis ag an té sin a bheith ina chruthaitheoir ábhair do BLOC…nó BLOCadóir mar a thugtar air!

Céard is BLOC ann?

Is mol físeán meán sóisialta Gaeilge é BLOC atá dírithe ar lucht féachana aois 16-25+. Tá BLOC dírithe ar chruthaitheoirí nua ábhair óga a chumasú le hábhar Gaeilge nuálach, spraoíúil Gaeilge a bhfuil ábhar machnaimh ann a chruthú dá n-aoisghrúpa féin. Tá breis agus 50 cruthaitheoir nua ábhair Gaeilge óga (BLOCadóirí) scabhtáilte, traenáilte agus coimisiúnaithe ag BLOC go dtí seo agus feiceann na mílte a gcuid ábhair gach seachtain ar chainéil Instagram, IGTV, Twitter, YouTube & Tik Tok agus Facebook BLOC.


Opening date for applications is March 1st 2021.
Closing Date is April 15th 2021.
The event will be held online over Zoom on June 2nd.
Click here to apply online

Comments

comments